An chéad eagrán d’Anam Beo

Launch of First Irish Language Newspaper in Brussels!

06-07-2008

Nóta cumhdaigh le holltáirgeadh ón eagarthóir:
Ábhar: An chéad eagrán d’Anam Beo – Lá Fhéile Eoin 2008

Editor cover note for  distribution 
English Version below:

Subject: First issue of Anam Beo - La Fheile Eoin 2008.
 

A chairde na Gaeilge agus an Chultúir Ghaelaigh,
Is mór an chúis áthais dom an chéad eagrán d’Anam Beo a chur i gceangal leis seo – an chéad nuachtán Gaeilge sa Bhruiséil agus b’fhéidir ar mhór-roinn na hEorpa, nuachtán a d’fhoilsigh Pobal Gaeilge na Bruiséile.Ainm beo is ainm don chéad nuachtán Gaeilge sa Bhruiséil. Is é “Tír gan teanga tír gan anam”  is bun le hainm an nuachtáin nuasheolta. Ba é an tírghráthóir Éireannach, Tomás Dáibhis, a rugadh  i Magh Eala   a chum an ráiteas iomráiteach sin a d’fhág rian dóite ar aigne na nglúnta ina dhiaidh. Is é Pobal labhartha na Gaeilge anam beo ár dteanga náisiúnta a dtugann an tAontas Eorpach comhstádas di leis na 22 teanga eile dá chuid; agus is cruthúnas é Anam Beo air sin.Beidh eagarthóirí bainistíochta éagsúla ag uainíocht ar a chéile amach anseo. Meastar go bhfoilseofar an nuachtán seacht n-uaire sa bhliain a fhreagfróidh do phríomhfhéilte na bliana Gaelaí agus Ceiltí, mar atá, Imbolc (Lá ‘le Bríde), Lá ‘le Pádraig, Bealtaine, Lá Fhéile Eoin, Lúnasa, Samhain, Nollaig. Tá sé beartaithe againn an chéad iris liteartha bhliantúil a fhoilsiú i Márta 2009 ag tús Sheachtain na Gaeilge.Is í an tseamróg i ndearadh glasuaine is móitíf don Anam Beo. Is ionann an mhóitíf sin agus anam spioradálta ag sní trí litreacha dubha Anam Beo. Cuireann an tseamróg ghlasuaine i bhfios chomh maith pobal gníomhach na Gaeilge sa Bhruiséil a bhfuil fás ag teacht air; agus le gach duilleog cuirtear in iúl tréith nó colún ar leith den fhéiniúlacht náisiúnta: colún lárnach na teanga a bhfuil an ceol  ar thaobh amháin agus an damhsa ar an taobh eile di ach tosaíocht ag an teanga arb í modh aimsithe thaisce na séad í. Ar na colúin sin cuirtear liag a bhfuil nasc aige leo go léir agus ar a nglaoitear an cultúr Gaelach. As an idirghníomhú idir na gnéithe éagsúla den chultúr a bhfuil an teanga mar mhéan acu, spreagtar an pobal Gaelach agus cuirtear leis an imeascadh le pobal na Bruiséile trí chéile.Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach ball den fhoireann eagarthóireachta, ár bhfoireann i dtaca le dearadh/leagan amach agus ár bhfoireann tacaíochta i ngeall ar a gcuid cúnaimh, moltaí, foighne agus ar thug siad dúinn de chomhoibriú de ló agus d’oíche. Míle buíochas daoibh uile.Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis na daoine is óige inár bhfoireann, Stephanie Moran a rinne an dearadh d’Anam Beo, agus tugaimis bualadh bos do Rachel Chapman ár n-eagarthóir um dhearadh agus leagan amach a d’oibrigh gan sos gan staonadh le dhá sheachtain anuas chun na caighdeáin is airde a bhaint amach maidir leis an táirge.Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd uile a scríobh altanna don nuachtán, an tAthair Seán Ó Caollaí, Uachtarán Oinigh Choláiste Schuman as a bhrollach spreagúil. Déanaim comhghairdeas freisin leis na daoine is óige a scríobh altanna don nuachtán (Ciara Ní Riain, Bríd Eileanór Ní Chonaill agus Aisling Ní Riain). Gura fada buan iad i mbun an peann a bheartú inár dteanga ársa agus go dtuga siad spreagadh do chainteoirí Gaeilge na Bruiséile an peann a ghlacadh chucu.Uirlis a bheidh in Anam Beo chun pobal láidir, beoga a chur ar bun sa Bhruiséil agus chun teagmháil a dhéanamh le Pobail eile labhartha na Gaeilge ar fud an domhain. Le teacht na nuatheicneolaíochta, ba chóir go sroichfeadh Anam Beo 200,000 cainteoir Gaeilge ó chian agus ó chóngar. Ba mhór agam go gcuirfeadh gach duine agaibh an nóta cumhdaigh seo ar aghaidh chuig gach duine de bhur lucht aitheantais ar suim leis/léi an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach agus iarraidh orthu é sin a dhéanamh ar a seal. Iarraim orthu siúd sa Bhruiséil a mbeidh Anam Beo á sheoladh acu chuig cainteoirí Gaeilge an seoladh ríomhphoist pobal.gaeilge@gmail.com a chur lena dteachtaireacht. Sa tslí sin beimid in ann liosta postála a dhéanamh de nua-dhíograiseoirí na Gaeilge agus an Chultúir Ghaelaigh agus iad a chur ar an eolas faoi na himeachtaí  a bheidh le tarlú ó thaobh na teanga agus an chultúir.Go mbaine sibh sult as an nuachtán,

Donnacha  Moth
áin O Buachalla

Eagarthóir bainistíochta.

************************************************************************************************
  

Editor cover note for distribution/Subject: First issue of Anam Beo - La Fheile Eoin 2008

*********************************************************************************************
Dear Friends of the Irish Language and Culture,
It gives me great pleasure to attach the first Issue of Anam Beo - the first Irish language newspaper in Brussels and maybe in mainland Europe, published by Pobal Gaeilge na Bruiséile.

“Anam Beo” is the first Irish language newspaper in Brussels. The name Anam Beo is derived from a famous quotation “A country without its language is a country with out its soul” from Thomas Davis, the Mallow born Irish Patriot.The Irish speaking Community in Brussels are now the living soul for our European Union recognised national language  and Anam Beo serves as a testament to this.

It will have a rotating managing editor.  It is envisaged that it will be published  seven times a year to coincide with the Irish and Celtic Feasts.(Saint Brigits Day,Saint Patricks Day,May Day, Mid Summers Day, 1 August, Halloween and Christmas).  It is planned to publish the first annual literary journal in March 2009 at the opening the Irish language week.  Our Anam Beo motif in the Shamrock green abstract - form with the flowing lines coming from it, represents a spiritual soul running through the black letters of Anam Beo.  This green shamrock with its three leaves also represents our active and growing Irish speaking Community in Brussels and each leaf of the shamrock represents three pillars of national identity – with language as the central pillar in giving priority to the language as the means of finding our hidden treasure trove complemented by music and dance, and in turn enhancing cultural life in our own community and assisting our integration with the International Community at large in Brussels.  I would like to thank each member of our hard working editorial, design/layout and our support team for all their assistance, suggestions, patience and co-operation during all hours – night and day!  A thousand thanks to you all.  I would like to pay special tribute to the youngest members of our team, Stephanie Moran for her design concept for Anam Beo and one big round of applause for Rachel Chapman our design and layout editor who worked endlessly and tirelessly for two weeks non stop to achieve this high standard of production.  It is due to Rachel’s great efforts and high standards in design and layout that we achieved such a high standard of production.  I would like to thank all our article contributors and warm thanks to Father John Kealy, Honorary President of Coláiste Schuman for his fitting and stirring prologue.  I would also wish to congratulate our youngest writers (Ciara Ní Riain, Bríd Eileanór Ní Chonaill, and Aisling Ní Riain) on their writing debut in Irish and may they continue to strive as emerging Irish language writers and be an inspiration to all young Irish speakers in Brussels to take up the pen.  Anam Beo will serve as a tool to build a strong and vibrant Irish speaking Community in Brussels and it will also be the medium to make contact with other Irish speaking Communities around the world. With the advent of modern technology, Anam Beo should reach 200,000 Irish speakers on every highway and byway.  I would ask each and every one of you to forward this cover note with Anam Beo to every one you know who has an interest in the Irish language and culture and ask them in turn, to do the same.  I would also ask those forwarding Anam Beo in Brussels to Irish language speakers  to put in copy Pobal Gaeilge: pobal.gaeilge@gmail.com so that we build a mailing list to keep Irish language and Cultural enthusiasts informed of upcoming cultural and Irish language events.Wishing you a happy read,

Denis J.G . F .Vaughan Buckley
Managing Editor

First issue of Anam Beo available for download here